Nascleanúint
Íoslódáil PDF

.

(RU) Article 3 . (EN) ai regulation Title

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe atá lonnaithe san Aontas, is cuma cé acu an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar.

1. This Regulation applies to the processing of personal data in the context of the activities of an establishment of a controller or a processor in the Union, regardless of whether the processing takes place in the Union or not.

Tráchtaireacht
Dlí Treoirlínte & Cásanna Recitals

(22) Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, is cuma má dhéantar an phróiseáil féin laistigh den Aontas nó mura ndéantar. Tugtar le tuiscint le húsáid an fhocail “bunaíocht” go ndéantar gníomhaíocht éifeachtach iarbhír inti trí shocruithe seasmhacha. Ní hí foirm dhlíthiúil na bunaíochta sin, cibé acu an brainse nó fochuideachta a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aici í, an toisc chinntitheach ina leith sin.

(22) Any processing of personal data in the context of the activities of an establishment of a controller or a processor in the Union should be carried out in accordance with this Regulation, regardless of whether the processing itself takes place within the Union. Establishment implies the effective and real exercise of activity through stable arrangements. The legal form of such arrangements, whether through a branch or a subsidiary with a legal personality, is not the determining factor in that respect.

(14) Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a bhfuil foráil déanta ina leith sa Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh.

(14) The protection afforded by this Regulation should apply to natural persons, whatever their nationality or place of residence, in relation to the processing of their personal data. This Regulation does not cover the processing of personal data which concerns legal persons and in particular undertakings established as legal persons, including the name and the form of the legal person and the contact details of the legal person.

Téacsanna gaolmhara

2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil arna déanamh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas, i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála leis an méid seo a leanas:

2. This Regulation applies to the processing of personal data of data subjects who are in the Union by a controller or processor not established in the Union, where the processing activities are related to:

Téacsanna gaolmhara